Tá an leagan Béarla ar fáil ar The Risk Of Discovery.
Eanair 2017
Toisc gur minic go bhfágann beathaisnéisí eolaithe clúiteacha botúin na n-eolaithe ar leataobh, ní thuigimid cé chomh mór is a bhí an riosca a raibh siad sásta glacadh leis. Agus toisc gur dócha gur gnáth-thuiscint í anois gach aon smaoineamh eolaí chlúitigh nach raibh sí ina botún, níl cuma riosca ar a roghanna sin ach an oiread.
Ní nach ionadh go gcuireann beathaisnéisí Newton, mar shampla, níos mó béime ar an bhfisic ná ar an ailceimic, ná ar an diagacht. Mar thoradh ar sin, tá an chuma ar an scéal gur thug bhreithiúnas Newton é go díreach chuig na bhfírinní nár thug aon duine eile faoi deara riamh i gcónaí. Conas is féidir leat an t-am a chaitheadh sé staidéar a dhéanamh ar an ailceimic agus ar an diagacht? Bhuel, is minic a bhíonn daoine éirimiúla saghas craiceáilte.
B’fhéidir go mbíonn míniú níos simplí ann. B’fhéidir nach mbíonn bearna cé chomh mór is a cheaptar idir ardéirim agus mire. Tá cuma iontach mhaith ar an bhfisic, agus ar ndóigh, is cur amú ama iad an diagacht agus an ailceimic. Ach is é seo an cás toisc go bhfuil a fhios againn cad a tharla. Nuair a bhí Newton beo, dhealraigh sé gurbh ionann gealladh na réimsí seo. Ní raibh a fhios ag éinne cad is fiú do cheaptha an réimse a dtugtar fisic air anois; dá mbeadh a fhios acu, bheadh níos mó daoine ag déanamh staidéir air. Agus d’fheictí an ailceimic agus an diagacht fós mar ábhair a dtabharfadh Marc Andreessen ‘an-suntasach, más fíorrud é’ orthu.
Chuir Newton trí gheall. D’éirigh go hiontach le ceann amháin acu. Ach ba rioscaí iad go léir.