Tá an leagan Béarla ar fáil ar The Island Test.
Iúil 2006
Fuair mé amach tástáil áisiúil chun a fháil amach cad dó a bhfuil tú an-tugtha. Samhlaigh go mbeifeá ag dul chuig teach do charad ar oileán beag amach ó chósta Maine ar feadh deireadh seachtaine. Ní bheadh aon shiopa ar an oileán agus ní féidir leat an t-oileán a fágáil fad is a bheifeá ann. Chomh maith leis sin, ní raibh tú i dteach do charad riamh, agus mar thoradh air seo, ní féidir leat talamh slán a dhéanamh de go mbeadh níos mó i dteach do charad ná in aon teach eile.
Cad a bhéarfadh leat go cinnte, seachas do chuid éadaí agus earraí níocháin? Is iad sin na rudaí a bhfuil tú an-tugtha dóibh. Mar shampla, más é an cás go mbéarfadh buidéal vodca leat (ar eagla na heagla), bheadh seans ann gur cheart duit stopadh agus smaoineamh faoi.
Maidir le mo rogha, is é liosta de cheithre rud: leabhair, plugaí cluaise, leabhar notaí agus peann.
Bheadh rudaí eile ann a chuirfinn i mo mhála dá smaoineoinn i gceart orthu – cosúil le ceol, nó tae; ach is féidir liom maireachtáil gan iad. Nílim chomh tugtha do chaiféin nach mbeinn sásta dul chuig teach gan tae ar bith ar feadh deireadh seachtaine amháin.
Is scéal eile é an ciúnas, áfach. Tuigim go bhfuil cuma aisteach orm go mbéarfadh plugaí cluaise liom agus mé ag dul ar thuras go hoileán ó chósta Maine. Dá mbeadh aon áit ar bith ar domhan ciúin, is é is dóichí gurbh é an t-oileán seo. Ach cad é a tharlódh dá mbeadh an duine sa seomra eile ag srannadh? Cad é a tharlódh dá mbeadh páiste ag imirt cispheile? (Plab, plab, plab… plab.) Cén fáth a rachfá sa seans? Tá plugaí cluaise beag.
Uaireanta, bím in ann smaoineamh agus torann ann. Má bhím ag smaoineamh faoi thionscadal roimh ré, bím in ann obair a dhéanamh air in anneoin an torainn. Bím in ann eagarthóireacht a dhéanamh ar aiste nó cód a dhífabhtú in aerfort. Ach ní bhíonn aerfoirt ródhona: is torann bán í an cuid is mó den torann ann. Ní féidir liom obair agus glór dráma grinn suímh ag teacht tríd an mballa, nó carr ar an tsráid agus ceol plad-plad ar siúl istigh.
Ar ndóigh, bíonn cineál smaoinimh eile i gceist nuair a bhíonn tú ag tosú obair a dhéanamh ar thionscadal nua, agus bíonn ciúnas amach is amach de dhíth air. Ní bheidh a fhios agat cathain a tharlóidh sé seo go brách. Is maith an rud é go mbéarfadh plugaí cluaise leat.
Is trealamh proifisiúnta iad an peann agus an leabhar notaí. I ndáiríre, is geall le drugaí iad i mo chás féin toisc go mothaím níos fearr dá mbarr agus is é sin a bpríomhchuspóir. Is annamh a léim rudaí a scríobh mé síos i leabhair notaí arís. Mura bhféadfainn rudaí a scríobh síos, bheinn buartha go ndéanfainn dearmad ar an smaoineamh agus chuirfeadh an buartha seo isteach ar chumadh an chéad smaoineamh eile. Súnn peann agus páipéar smaointe.
Is é an leabhar nótaí is fearr atá agam ná ceann atá déanta ag comhlacht darb ainm Miquelrius. Scríobaim sa cheann is lú atá déanta aige, agus tá sé timpeall ar 2.5 x 4 orlach. Is é an cleas le scríobh ar leathanaigh chaola mar seo ná gan spás a chur idir na focail amhail is dá mba inscríbhinn Laidine í. Ceannaím na pinn gránbhioracha plaisteacha Bic is saoirse toisc nach sileann a ndúch tríd na leathanaigh agus toisc nach mbím buartha nuair a chaillim iad.
Le trí bhliain anuas, bhínn leabhar nótaí agam. Roimhe sin, scríobhainn ar aon bhlúire páipéir a bhí timpeall orm. Is í an fhadhb atá ag blúirí páipéir ná nach bhfuil siad in ord. I leabhar notaí, is féidir leat tomhais cad is brí le scriobláil agus tú tar éis súil a chaitheamh ar na leathanaigh roimhe agus ina dhiaidh. Le linn thréimhse an bhlúire, bhínn i gcónaí ag fáil notaí a scríobh mé na blianta ó shin; agus, ba mhinic a bhí cur síos faoi rud scríofa orthu gur ghá dom chuimhne air- ach ba mhór an trua nach mbeinn in ann brí an nóta a fháil amach!
Ó thaobh na leabhar, tuigim go bhfuil seans maith ann go mbeadh leabhair de shaghas éigin sa teach. Ar an meán, beireann ceithre leabhar liom ar thuras agus ní léim ach ceann amháin acu toisc go bhfaighim leabhair nua ar an mbealach. Ní ach cosaint iad na leabhair a bhreith liom i ndáiríre.
Tuigim nach bhfuil an spléachas ar leabhair go maith ar an iomlán – teastaíonn leabhair uaim mar chaitheamh aimsire nó mar chur isteach. Bíonn na leabhair a bhreith liom ar thuras an-mhacánta den chuid is mó: an cineál leabhair gur minic a thugann rang ollscoile duit. Ach tá a fhios agam nach mbíonn na bunchúiseanna macánta. Beireann leabhair liom toisc go mbím in ann éalú ón saol seo – má éiríonn sé leadránach – chuig saol agus domhan eile a chum údar. Is geall le subh mhilis a ithe cé go bhfuil a fhios agat gur cheart duit torthaí a ithe ina háit.
Tá pointe ann go mbím in ann maireachtáil gan leabhair. Bhí mé ag siúl ar shléibhte géara tráth agus shocraigh mé gurbh fhearr liom smaoineamh dá n-éireoinn dubh dóite, in áit unsa ar bith eile a bhreith liom. Ní raibh sé ródhona. Thug mé faoi deara gur mhór an spraoi é agus mé ag cumadh smaointe in áit smaointe daoine eile a léamh. Má éiríonn tú as subh mhilis a ithe, éiríonn na torthaí níos blasta.
B’fhéidir go mbainfinn triail as dul ar thuras gan leabhair amach anseo. Beidh orthu na plugaí cluaise a tharraingt ó mo chluasa fuara marbha, áfach.