oisin thomas

Ag Scríobh Go Gonta

4 min read
617 words

Tá an bunleagan Béarla ar fáil ar Writing, Briefly.


Márta 2005

(Agus mé ag freagairt ríomhphoist, scríobh mé aiste bheag faoin scríobhneoireacht de thimpiste. De ghnáth, caithim cúpla seachtain ag scríobh aiste amháin. Níor thóg an ceann seo ach 67 nóiméad ina iomláine – 23 nóiméad le scríobh agus 44 nóiméad le hathscríobh.)

Ceapaim go bhfuil scríobhneoireacht chruinn i bhfad níos tábhachtaí ná a cheapann formhór na ndaoine. Ní hamháin go gcuireann an scríobhneoireacht smaointe in iúl, ach spreagann sí níos mó smaointe freisin. Más drochscríobhneoir tú agus mura dtaitníonn sí leat, caillfidh tú an chuid is mó de na smaointe a spreagfadh do chuid scríobhneoireachta.

Agus faoin gcaoi ar féidir leat a scríobh go cruinn is é seo an leagan gairid:

  • Scríobh an chéad leagan chomh tapa agus is féidir
  • Athscríobh é arís agus arís
  • Gearr amach gach rud atá neamhriachtanach
  • Scríobh ar nós cainte
  • Forbair an cumas le drochscríobhneoireacht a aithint, ionas go dtarbharfaidh tú do chuid botúin faoi deara agus go gceartóidh tú iad
  • Déan aithris ar na scríobhneoirí is maith leat
  • Mura bhfuil tú in ann an t-iallach a chur ort féin scríobh, inis do dhuine eile cad is mian leat a scríobh faoi, agus ansin scríobh síos cad a dúirt tú
  • Bí ag súil go dtiocfaidh 80% de na smaointe i ngach aon aiste tar éis tosú an aiste a scríobh, agus nach mbeidh an ceart ag 50% de na smaointe a cheapfaidh tú ar dtús
  • Bíodh go leor muiníne agat as an ngearradh amach
  • Lig do dhlúthchairde í a léamh agus aon ní a chuireann mearbhall orthu nó atá leadránach a chur in iúl duit
  • Ná tabhair mionsonraí na haiste (i gcónaí) agus tú ag déanamh cur síos ar chreathlach na haiste
  • Déan machnamh ar do chuid smaointe ar feadh cúpla lá sula gcuirfidh tú peann le pár
  • Beir leabhar nótaí beag nó blúire páipéir leat
  • Bí ag scríobh nuair a cheapann tú an chéad abairt
  • Má chuireann spriocdháta an t-iallach ort an aiste a scríobh roimhe sin, úsáid an abairt is tábhachtaí mar chéad abairt na haiste
  • Scríobh faoi na rudaí is maith leat
  • Ná déan iarracht a bheith thar fóir agus tú ag scríobh
  • Ná bíodh aon leisce ort ábhar na haiste a athrú ar ala na huaire
  • Bain úsáid as fo-nótaí do chaint leataoibh
  • Bain úsáid as athrá chun abairtí a cheangal le chéile
  • Léigh d’aistí os ard chun (a) frásaí mínádúrtha a chuireann tú amú agus (b) codanna na haiste atá leadránach (is iad na paragraif is oth leat a léamh) a aithint
  • Déan iarracht smaointe úra agus áisiúla a insint don léitheoir
  • Oibrigh ar feadh achar réasúnta mór
  • Nuair a thosaíonn tú arís, tosaigh le hathléamh na haiste go dtí seo
  • Nuair a chríochnaíonn tú, fág rud simplí le déanamh
  • Bailigh nótaí ag bun an chomhaid faoi na hábhair a mbeidh tú ag scríobh fúthu san aiste
  • Ná braith go mbeidh ort scríobh faoi aon cheann acu
  • Scríobh do léitheoir nach léifidh an aiste cé chomh cúramach is a léann tú í – amhail is dá gcumfaí popamhrán a bheadh glór binn aige ar raidiónna dona cairr
  • Má thugann tú botúin faoi deara, ceartaigh iad go díreach
  • Iarr ar chairde na habairtí a chuirfeadh aiféala ort a aimsiú
  • Téigh ar ais agus maolaigh ráitis gharbha
  • Foilsigh iad ar líne, toisc go spreagann an lucht léitheoireachta thú chun scríobh níos mó, agus dá bharr, spreagfar níos mó smaointe
  • Priontáil na dréachtaí, seachas iad a léamh ar do ríomhaire amháin
  • Bain úsáid as focail shimplí Ghearmánacha
  • Faigh amach an difríocht idir ábhar iontais agus caint leataoibh
  • Faigh amach conas a aithníonn tú go bhfuil deireadh na haiste ag druidim leat, agus nuair a thagann sé, beir air.

 

Enjoyed this post?

Subscribe to get new posts delivered to your inbox.