The original essay by Paul Graham can be found at What You (Want To)* Want.
Samhain 2022
Ó bhí mé 9 mbliana d’aois, ní raibh mé in ann an neamhréiteach seo a fhuascailt: táimid faoi dhlíthe na fisice—ag iompar mar a bheifeá ag súil leis—ach, ar an lámh eile, braitheann sé gur féidir liom aon rud is mian liom nó atá fonn orm a dhéanamh.[1] Ag an am, bhí cúis leithleach agam an cheist seo a iniúchadh: ag an am sin, cosúil le gach aois eile, bhínn i dtrioblóid leis na húdaráis i gcónaí. Mheas mé go raibh seans ann gurbh fhéidir liom trioblóid a sheachaint, dá n-áiteoinn nach bhfuilim freagrach as na rudaí a dhéanaim. Anois, tá dóchas caillte agam an mhéid sin a dhéanamh; ach, fágtar an neamhréiteach.
Is é an chaoi is fearr an freagra a mhíniú ná go dtosaímid le leagan saghas mícheart, agus ansin go gceartaímid é. Seo é an leagan mícheart: is féidir leat do rogha rud a dhéanamh, ach ní féidir leat mian a bheith ionat rudaí a dhéanamh atá mian ionat a dhéanamh. Is fíor an rud é gur féidir leat smacht a bheith agat ar na rudaí a dhéanann tú, ach déanann tú na rudaí is mian leat a dhéanamh, agus níl aon leigheas air sin.
An fáth atá dul amú ar dhaoine faoi seo ná go n-athraíonn daoine cad is mian leo ó am go h-am. Is féidir le daoine nach mian leo mian a bheith iontu rud a dhéanamh—andúiligh drugaí, mar shampla—iad féin a stopadh. Agus éiríonn le daoine ar mhian leo mian a bheith iontu rud a dhéanamh—daoine ar mhian leo suim a bheith acu sa cheol clasaiceach nó brocailí a ithe—uaireanta.
Mar sin, athraímid ár gcéad ráiteas: is féidir leat do rogha rud a dhéanamh, ach ní féidir leat mian a bheith ionat mian a bheith ionat rud a dhéanamh is mian leat a dhéanamh.
Ach, níl sé seo amach is amach fíor. Is féidir leat an rud a athrú is mian leat mian a bheith ionat a dhéanamh. Samhlaigh duine ag rá, “Shocraigh mé nach mian liom mian a bheith ionam éisteacht le ceol clasaiceach.” Ach, diaidh ar ndiaidh, táimid ag teacht ar an bhfírinne. Is annamh go n-athraíonn daoine cad atá fonn orthu fonn a bheith orthu á dhéanamh, agus éireoidh sé níos annaimhe má chuireann tú níos mó “fonn a bheith …” isteach.
Is féidir linn teacht níos gaire ar an bhfir-ráiteas, má chuirimid níos mó “mian a bheith i…” isteach ar an gcaoi chéanna a théimid níos gaire d’uimhir a haon nuair a chuirimid tuilleadh uimhir a naoi ag deireadh teaghráin le ponc agus naoi. Is leor trí nó ceithre “mian a bheith i…”, i ndáiríre. Is deacair a shamhlú cad a chiallaíonn “athraigh rud atá fonn ort fonn a bheith ort fonn a bheith ort a dhéanamh”, gan trácht ar é sin a dhéanamh!
Caoi amháin ar féidir leat an freagra ceart a chur in iúl ná trí shlonn rialta. Is féidir leat do rogha rud a dhéanamh, ach tá ráiteas éigin ann den fhoirm “ní féidir leat (mian a bheith ionat)* rud a dhéanamh is mian leat a dhéanamh” atá fíor. Sa deireadh, buaileann tú le mian nach bhfuil smacht agat uirthi[2].
