Is aistriúchán é seo agus tá an leagan Béarla ar fáil ar The Shape of the Essay Field.
Is gá aiste rud éigin a insint do dhaoine nach bhfuil ar eolas acu cheana féin. Ach tá trí chúis dhifriúla ann nach mbeadh rud éigin a fhios ag daoine, agus tá trí chineál aistí ann dá bharr.
Cúis amháin nach mbeadh rud éigin a fhios ag daoine ná mura bhfuil sé tábhachtach. Ní hé sin ag rá gur drochaiste atá inti afách. Mar shampla, b'fhéidir go scríobhfá aiste mhaith faoi mhúnla cairr áirithe. D'fhoghlaimeodh léitheoirí rud éigin uaithi; chuirfeadh sí lena samhail smaointeoireachta. Do chuid acu, spreagadh sí fiú. Déanta na fírinne, mura bhfuil carr an-neamhghnách i gceist, níl sé ríthábhachtach go mbeadh a fhios ag gach uile duine faoi, afách. [1]
Má tá an t-eolas neamhthábhachtach, níl aon fhreagra ar an gceist cén fáth nach bhfuil sé ar eolas ag daoine: ní minic a fhoghlaimímid eolas randamach. Ach má tá tú chun scríobh faoi rudaí is tábhachtach a bheith ar eolas agat, caithfidh tú an cheist seo a fhreagairt ar dtús: cén fáth nach bhfuil sé ar eolas ag do léitheoirí cheana féin? An é an fáth a bhfuil siad cliste ach gan taithí acu air, nó a bhfuil siad dúr?
Mar sin, is iad na trí chúis nach mbeadh a fhios ag léitheoirí cheana féin cad a scríobh tú faoi ná (a) nach bhfuil sé tábhachtach, (b) go bhfuil siad dúr, nó (c) nach bhfuil taithí acu air.
Is é an fáth a ndearna mé an cur síos seo ná an fhíric seo a aimsiú—fíric chonspóideach agus é ráite, ach ba chóir go mbeadh sé soiléir anois: má scríobhann do dhaoine cliste faoi rudaí tábhachtacha, scríobhann tú do dhaoine óga.
Nó níos cruinne fós, sin an dream léitheora a mbeadh an éifeacht is mó agat air. Ba chóir go mbeadh cibé rud a scríobhann tú úrnua duit ar a laghad, is cuma cén aois atá tú. Mar scríobhann tú aiste chun rud éigin nua a dhéanamh amach. Ach is dócha go mbeadh níos mó iontais ar léitheoirí níos óige cibé rud a fháil amach ná ort féin.
Tá leanúnachas iontais ann. Ag ceann amháin, is féidir le rud a léann tú do shamhail smaointeoireachta ar fad a athrú ó bhonn. Rinne The Selfish Gene é seo domsa. Ba chosúil le léirmhíniú eile ar íomhá débhríoch a fheiceáil go tobann: Is príomhcharactair an tsaoil iad na géinte in ionad an duine, agus tá sé i bhfad níos éasca an Éabhlóid a thuiscint mar sin. Ag an taobh eile, ní thugann an scríbhneoireacht ach aird an léitheora ar rud a raibh an léitheoir ag smaoineamh air cheana féin—nó a cheap siad a bhí siad ag smaoineamh air.
Is é an tionchar a bhíonn ag aiste ná an méid a athraíonn sé smaointeoireacht léitheoirí iolraithe faoi thábhacht an ábhair. Ach is deacair a éirí go maith leis an dá rud. Is deacair smaointe móra nua a bheith agat faoi hábhair thábhachtacha. Mar sin, tá cinneadh le déanamh agat ann: is féidir leat smaointeoireacht léitheoirí a athrú ó bhonn faoi rudaí tábhachtacha, nó í a athrú ach de bheagán faoi rudaí an-tábhachtacha. Ach le léitheoirí níos óige, athraíonn an cinneadh sa chaoi seo: tá níos mó spáis ann chun a smaointeoireacht a athrú; mar sin, tá luach saothair níos mó ann as scríobh faoi rudaí tábhachtacha.
Ní cinneadh chomhfhiosach é an cinneadh seo—ar a laghad, ní domsa. Is cosúil le cineál réimse imtharraingthe ina n-oibríonn an scríbhneoir. Ach oibríonn gach scríbhneoir ann, cibé acu a thuigeann nó nach dtuigeann é.
Is léir é seo nuair a deir tú é, ach thóg sé tamall fada orm é a thuiscint. Bhí a fhios agam gur mhian liom scríobh do dhaoine cliste faoi hábhair thábhachtacha. Thug mé faoi deara go raibh an chuma orm go raibh mé ag scríobh do dhaoine óga. Ach bhí sé tamall fada sula bhfuair mé thuiscint ar an gcaidreamh eatarthu: eascraíonn an chéad ceann as an dara ceann. Déanta na fírinne, níor thuig mé é agus mé ag scríobh an aiste seo.
Anois go bhfuil sé ar eolas agam, ar cheart dom aon rud a athrú? Ní dóigh liom é. Meabhraíonn cuma na réimse ina n-oibríonn scríbhneoirí dom nach bhfuilim ag díriú ar thorthaí ann. Nílim ag iarraidh iontas a chur ar léitheoirí d'aon aois ar leith; táim ag iarraidh iontas a chur orm féin.
Is trí chaidéis a leanúint a shocraím cad a scríobhfaidh mé faoi. Tugaim faoi deara rud éigin nua agus léim isteach ann. Is dócha gur botún a bheadh ann é sin a athrú. Ach spreagann smaoineamh amháin smaoineamh eile agus anois táim ag smaoineamh ar cheisteanna nua: Cad a chuirfeadh iontas ar léitheoirí óga? Cad iad na rudaí tábhachtacha a fhoghlaimíonn daoine ró-dhéanach? Ceisteanna spéisiúla, nach iad? Ba chóir dom smaoineamh orthu sin.
Nóta
[1] Is deacair aiste mhaith a scríobh faoi hábhar neamhthábhachtach, toisc go gcuirfidh scríbhneoir maith blas úrnua leis an ábhar. D'fhéadfadh E. B. White aiste a scríobh faoin gcaoi is féidir prátaí a fhiuchadh agus, faoi dheireadh, bhí ceacht síoraí foghlaithe agat. Sa chás sin, ní ábhar na haistí é an chaoi is féidir prátaí a fhiuchadh; níl inti ach an pointe tosaigh, ar ndóigh.