Ceapann formhór na ndaoine gur stóráil is aisghabháil fíricí atá i gceist leis an gcuimhne. Faoi láthair, tá an intleacht shaorga i bhfad níos fearr ná tusa ag fíricí a stóráil is a aisghabháil. Mar sin, cad is fiú? Iarr ar an ngníomhaire IS agus bí réidh leis.
Tá blas na fírinne air seo. Tá sé mícheart ó bhonn, áfach.
An rud a dhéanann an chuimhne i ndáiríre ná struchtúr a thógáil. Nuair a chuireann tú rud de ghlanmheabhair, ní chuireann tú é i dtaisce mar ríomhaire—tá tú ag cruthú agus ag láidriú líonra: ceanglaíonn tú é le gach rud eile atá ar eolas agat cheana féin. Ní chuireann drumadóir rithimí de ghlanmheabhair le cuimhneamh orthu amach anseo. Cuireann sé de ghlanmheabhair iad go mbeidh sé in ann iad a úsáid gan smaoineamh orthu—le go mbeidh sé in ann éirí as smaoineamh ar an mbuille agus tosú ag smaoineamh ar an gceol. Sin é a chruthaíonn an tsaoirse.
Má fhágann tú céim na cuimhne ar lár, ní bhfaighidh tú an tsaoirse go deo. Beidh tú i gcónaí ag brath ar an meaisín.
Tá fadhb níos doimhne ann freisin. Tá tacsanomaíocht úsáideach ag José Luis Ricón ar chineálacha eolais. Fíricí: is féidir leat iad a ghúgláil, láimhseálann an intleacht shaorga iad sin go breá. Comhthéacs: is féidir leat a scríobh i gcomhaid—b'fhéidir gur b'fhearr léi iad sin a láimhseáil chomh maith anois i ré an ghníomhaire IS. Ach tá catagóir iomlán eolais ann nach féidir a scríobh síos ar chor ar bith. Thug Polanyi eolas neamhinste air: "is mó atá ar eolas againn ná is féidir linn a insint." Tá a fhios agat conas rothaíocht. Aithníonn tú boladh na bréige in argóint. Ní féidir é sin a chur i gcomhad markdown.
Chaith rialtas SAM na milliúin ag iarraidh ábhar a úsáideadh in airm núicléacha a athchruthú tráth. Bhí na buntreoracha acu. Labhair siad leis an bhfoireann fiú. Thóg sé na blianta fós, mar bhí neamhíonacht ann ag céim chriticiúil nár chuimhnigh aon duine á dhoiciméadú. Ní raibh an t-eolas ann ach amháin in intinn na ndaoine a rinne an obair.
Gealltar faoi láthair go réiteoidh innealtóireacht comhthéacs an fhadhb se: Scríobh go leor comhad, tóg go leor scafalra, agus éireoidh an gníomhaire cosúil leatsa. Ach is iad na rudaí is luachmhaire thú díreach ná na rudaí nach féidir leat a thabhairt don mheaisín. Do bhlas. Do thuiscint. Do bhreithiúnas nuair atá rud éigin as alt agus conas a réitíonn tú é. Fásann siad thar na blianta agus tú ag déanamh na hoibre tú féin, agus téann siad i léig nuair a stopann tú.
Leagann staidéar MIT bonn daingean faoin méid seo. Nuair a d'úsáid daoine ChatGPT le haistí a scríobh, bhí gníomhaíocht inchinne difriúil ann agus bhí sé soiléir: níos lú cognaíochta cruthaithí, nascacht níos laige. Bhí siad ag carnadh rud ar thug na taighdeoirí fiachas cognaíoch air. Ní ach sábháil ama amháin i gceist ann.
D'fhág an Réabhlóid Thionsclaíoch obair choirp roghnach, agus mar sin chum muid ionaid aclaíochta. Tá rud cosúil leis seo ag tarlú anois le hobair intinne, agus níl an réiteach againn di go fóill. Ach tá na cleachtaí againn ó Ré Chicearó: athchleachtadh tréimhsiúil, cleachtadh d'aon turas, seanteicnící na cuimhne. Ní dea-nósanna loma iad seo. Sin iad an nósanna traenála a bhíonn orainn chun an lámh in uachtar a choimeád is a fháil (más gá) ar an meaisín.
Ní hiad na daoine a thabharfaidh an chuid is mó den obair don mheaisín a bheidh chun tosaigh in ré na hIS. Éireoidh leis na daoine a bhfuil rithimí a phoist acu gan smaoineamh. Daoine a bhfuil fios acu cad ba cheart a iarraidh. Daoine a thugann faoi deara cathain a bhíonn an freagra mícheart. Daoine a fheiceann naisc nach bhfeicfidh an meaisín go deo.Is í an chuimhne a neartaíonn na cumhachtaí sin. Sin mar a bhí, mar atá agus mar a bheidh.

An intinn atá gafa le IS agus an intinn atá i gceannas na IS. Ná bí gafa!
