Tá dhá thaobh de gach scéal agus is minic nach bhfeicimid ach taobh amháin de. Tá slop feicthe ag gach duine—ciallaíonn slop drochábhar a ghintear le IS (Intleacht Shaorga), gan cúram ná grá—ach cad faoina mhalairt, kino? Ciallaíonn kino ábhar thar moladh beirte, agus le déanaí, ábhar iontach atá cruthaithe le (nó le cabhair) IS.
Is mó focal nua a eascraíonn as an eagla ná as an uaillmhian. Tharla sé sin le clanker, agus tharla an rud céanna le slop. Tá focal Gaeilge ar slop cheana féin: dríodar, is é an t-ábhar a théann go tóin poill.
Go dtí seo, tá an Ghaeilge cosanta go maith ar an dríodar. Ní mór grá a bheith agat don teanga chun aon rud a chruthú inti. Coimeádann sé sin an dríodar amach, an t-ábhar a líonann na meáin shóisialta Bhéarla. Ní féidir le IS obair go foirfe trí Ghaeilge fós. Agus tá eagla orainn roimh an lá a bheidh réiteach ar an scéal seo: cad atá i ndán don Ghaeilge le linn ré na IS? An mbeimid báite i ndríodar? An mbeidh gach post déanta ag an IS? Níl samhlaíocht againn má táimid in ísle brí le ceisteanna mar seo.
Mar, ag an am céanna, tá rudaí iontacha ag tarlú. Tá Kneecap ag líonadh hallaí ceoil ar fud an domhain. Tá ABAIR, ADAPT agus grúpaí eile ag tabhairt cumhachta nua don teanga trí theicneolaíocht urlabhra agus próiseáil teanga. Tá scannáin Ghaeilge ag baint gradaim amach. Seo í an dara hathbheochan, agus an uair seo, is é an domhan digiteach an chloch is mó ar ár bpaidrín. Má fhaighimid lámh in uachtar ar chumhacht na IS trí mheán na Gaeilge, is féidir linn ceannasacht a bhaint amach don teanga san ré nua seo.
Agus fós, níl focal amháin againn ar an méid seo ar fad. Mura féidir leat ach an galar a ainmniú, conas a shamhlófá an leigheas? Gan focal ar na rudaí maithe atá ag tarlú cheana féin, beidh an comhrá ar fad lán le heagla go deo.
Ba mhaith liom an chaint a athrú agus tosóidh sé le s.
Tá patrún álainn sa Ghaeilge. Bíonn focail a thosaíonn le d agus s contrártha lena chéile. Is anó é donas; is pléisiúr é sonas. Is amadán é daoi; is sárealaíontóir é saoi. Is brón é dólás; is faoiseamh é sólás. Tá an patrún seo sean. Tá sé fite fuaite i bhfuaim na teanga: tá an d crua agus trom; tá an s éadrom agus mín.
Mar sin, dríodar — an drochrud.
Ach cad a thugtar ar an rud maith ✨?

sríodar >> dríódar
Sríodar.
Focal nua don ré nua ina mairimid. Is é dríodar an rud a dhéantar gan grá. Is é sríodar an rud a tharlaíonn nuair a oibríonn daoine agus IS le chéile le tuiscint is grá. Is féidir linn sríodar a chruthú nuair a éiríonn muid as an eagla roimh IS.
Ní hé seo an cheist a thuilleadh: an mbainfidh an IS le todhchaí na Gaeilge. Bainfidh sí. Is í seo an cheist atá le freagairt:
Dríodar nó sríodar?
